Eolas Fúinn
Bunaíodh Coláiste na bhFiann 40 bliain ó shin le príomhaidhm amháin – is é sin Gaeilge a mhúineadh do dhaoine óga i suíomh fáilteach taitneamhach, rud a spreagann meon dearfach iontu i leith na teanga.
Tá córas ag Coláiste na bhFiann, atá bunaithe ar an méid Gaeilge a fhoghlaimítear sa chóras scoile agus tá sé tar éis cabhrú leis na glúnta de dhaoine óga feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.
Lántumadh sa Ghaeilge atá i gceist, mar aon le ranganna agus le himeachtaí neamhfhoirmiúla amhail ceol, spórt, na healaíona agus ceardaíocht agus iad ar fad stiúrtha trí mheán na Gaeilge.
Tá fíorthaithí ag an bhfoireann (iarscoláirí den chuid is mó) agus cuireann siad go mór le rath an Choláiste lena gcuid modhanna múinteoireachta seanbhunaithe. Déantar sárchúram de na daltaí uile, toisc an cóimheas íseal daltaí/foirne. Is mar gheall ar na gnéithe seo ar fad go bhfuil Coláiste na bhFiann in ann a chinntiú go mbeidh líofacht bainte amach ag an dalta tar éis trí seachtaine, is cuma cén caighdeán a bhí aici/aige roimh ré.
Eagraíonn Coláiste na bhFiann sraith de chúrsaí i seacht n-ionad éagsúla – cúrsaí cónaithe 3 seachtaine, lonnaithe i gcoláistí atá suite faoin tuath agus cúrsaí lae coicíse, suite i mBaile na Sceilge idir Meitheamh agus Lúnasa gach bliain.
Tá deis ar leith ag na daltaí Gaeilge a labhairt ar bhonn rialta tar éis an chúrsa, trí bhallraíocht le Cumann na bhFiann, an tseirbhís is mó náisiúnta don óige a reáchtáiltear trí mheán na Gaeilge.

