Tá tu anseo: Baile / Cúrsaí /

Cúrsaí

Priontáil


Tá cúrsaí Choláiste na bhFiann leagtha amach le bheith oiriúnach do chainteoirí Gaeilge ag gach leibhéal - idir thosaitheoirí agus chainteoirí líofa - agus iad deartha chun a gcumas teanga a fheabhsú ar bhealach struchtúrtha réchúiseach cairdiúil.


Tá trí chineál cúrsa samhraidh ag Coláiste na bhFiann in ocht n-ionad a oireann d'aoiseanna éagsúla agus do leibhéil chumais éagsúla Gaeilge. Déantar iad a mhiondealú mar seo a leanas:

Cúrsa A

Cúrsa cónaithe trí seachtaine dóibh siúd le leibhéal maith Gaeilge ar mhian leo a scileanna teanga a fheabhsú. Go ginearálta beidh daltaí a fhreastalaíonn ar Chúrsa A tar éis freastal cheana féin ar Chúrsa B uair amháin ar a laghad nó b'fhéidir gur fhreastail siad ar Ghaelscoil.

Cúrsa B

Cúrsa cónaithe trí seachtaine atá dírithe ar dhaoine nach bhfuil chomh líofa sa Ghaeilge leo siúd a fhreastalaíonn ar Chúrsa A. Moltar an cúrsa seo dóibh siúd atá ag freastal ar Choláiste na bhFiann den chéad uair.

Cúrsa C

Cúrsa coicíse lae atá ina ullmhúchán do Chúrsa B do dhaltaí i rang a 5, a 6 agus sa chéad bhliain.

Dátaí na gCúrsaí 2010:

Meitheamh:  05/06/11 - 25/06/11

Iúil:             26/06/11 - 16/07/11

Lúnasa:       24/07/11 - 13/08/11

Baile an Sceilg: Cúrsa coicíse (04/07/11 - 15/07/11)

Tabhair faoi Deara:

Is é an rud is tábhachtaí dúinn ná go mbeadh an t-eispéireas is fearr agus is féidir ag an dalta linn, agus mar sin molaimid go láidir dóibh siúd a bheidh ag freastal ar Choláiste na bhFiann den chéad uair dul ar chúrsa B nó C ar dtús. Tríd is tríd, Is cúrsa do dhaltaí níos sine é Cúrsa A, daltaí a d'fhreastail cheana ar chúrsa leibhéal B.

 

Leibhéal an Chúrsa

Ainm an Chúrsa

Ionad an Chúrsa

Cúrsa A

Ráth Cairn - Meitheamh & Iúil

Áth Buí, Co. na Mí

Cúrsa A

Sligeach - Iúil & Lúnasa

Sligeach

Cúrsa A

Baile an Uairnigh - Lúnasa

Baile an Uairnigh, Droim Rí, Co. na Mí

Cúrsa B

Baile an Uairnigh - Meitheamh & Iúil

Baile an Uairnigh, Baile Átha Troim, Co. na Mí

Cúrsa B

Dún Dealgan - Iúil & Lúnasa

Dún Dealgan, Co. Lú

Cúrsa B

Cill Áirne - Iúil & Lúnasa

Cill Áirne, Co. Chiarraí

Cúrsa B

Áth Luain - Iúil & Lúnasa

Áth Luain, Co. na hIarmhí

Cúrsa B

Ros Muc - Meitheamh, Iúil & Lúnasa

Connamara, Co. na Gaillimhe

Cúrsa C

Coláiste Mhichíl- Iúil

Baile an Sceilg, Co. Chiarraí


Táillí Cúrsaí 2011

Rialacha maidir le labhairt an Bhéarla

Nó íoslódáil Foirm Iarrtais Cúrsaí Samhradh,

Mura bhfuil Adobe Acrobat ar do ríomhaire agat is féidir é a íoslódáil saor in aisce.