Tá tu anseo: Baile / Cumann na bhFiann /

Cumann na bhFiann

Priontáil


Cad é Cumann na bhFiann?


Eagraíonn Cumann na bhFiann clubanna óige go seachtainiúil/coicísiúil ar fud na tíre, a thugann deis do dhaltaí a gcuid Gaeilge labhartha a chleachtadh agus a fhorbairt.

Is iad na buntáistí a bhaineann leis seo ná go mbíonn an teanga in úsáid i measc na ndaltaí agus dá réir sin tuigeann siad níos fearr an tábhacht atá leis an teanga dár bhféiniúlacht. Chun tairbhe iomlán a bhaint as cúrsa de chuid Choláiste na bhFiann, tá sé riachtanach gach deis a thapú chun Gaeilge a labhairt chomh minic agus is féidir.

Chomh mhaith leis an gclub óige, eagraíonn Cumann na bhFiann go leor imeachtaí bliantúla náisiúnta, ar nós ceolchoirmeacha, dioscó, deireadh seachtainí as baile, srl. Tá tuilleadh eolais ar na himeachtaí seo ar fáil sa Chumann.

Fáthanna Maithe freastal ar Chumann na bhFiann

  • Ardchaighdeán maoirseachta
  • Clubanna eagraithe i dtimpeallacht shábháilte
  • Réimse leathan d'imeachtaí
  • Foireann dhícheallach le taithí agus tiomanta dár gcuid daltaí
  • Córas Cinnireachta a spreagann daltaí freagrachtaí a ghlacadh
  • Deis a fháil Gaeilge a labhairt go minic
  • Os cionn 60 club timpeall na tíre
  • Deis do dhaltaí teagmháil a choinneáil le cairde nua ó chúrsaí Samhraidh de chuid Choláiste na bhFiann.

Cá bhfuil mo Chumann Áitiúil?

Gach eolas faoi amanta agus áiteanna do gach Cumann ar fáil anseo.

Tá breis is 50 ionad Cumann na bhFiann timpeall na tíre.

Ráth Fearnáin Óg Ráth Fearnáin Sean Caisleán Cnúcha
Baile na Manach Óg Baile na Manach Sean Cluain Tarbh Sean
LeamhcánGlasnaíonDroichead Átha
Brí ChualainnAn Uaimh ÓgAn Uaimh Sean
Tulach MhórDún BóinneÁth Luain
An Muileann gCearrCeanannas MórDroichead Nua
Longfort ÓgLongfort SeanTeach Lorcáin Sean
Nás na RíoghCeatharlachPortlaoise
Cill ChainnighGuaireAn Cabhán
Achadh an UairBéal Átha na SluaSligeach Óg
Sligeach SeanRos ComáinMuineachán
Béal Átha na mBuillí Béal an Átha MhóirCora Droma Rúisc
Mainistir Fhear MaíBaile an ChollaighPort Láirge
Trá Lí Cathair SaidhbhínCluain Meala
Cluain Tarbh ÓgTeach Lorcáin Óg  Beal Easa
Cumann na bhFiann

  1. Tá íocaíocht bhliantúil de €30 don Chumann(Meán Fómhair- Márta) do duine a d'fhreastal ar Choláiste na bhFiann- €70 d'aon duine eile, gur chóir a bheith íoctha sa chéad trí seachtain. Ní bheidh an dalta faoi árachas go dtí go bhfuil an t-airgead seo íochta.
  2. Ní cheadaítear aon Bhéarla a labhairt le linn am an Chumainn - má tharlaíonn go labhraíonn dalta Béarla níos mó ná trí huaire, beidh orthu an Cumann a fhágáil.
  3. Tá ar an dalta a bheith i láthair ag an gCumann ó thús go deireadh, seachas má tá nóta ó thuismitheoir ag tabhairt cead.
  4. Ní cheadaítear drochtheanga, drochbhéasa, ná maistíneacht ag an gCumann.
  5. Ní cheadaítear fón a bheith ar siúl ag dalta le linn am an Chumann. Ní cheadaítear alcól ná toitíní a ól/chaitheamh ag an gCumann.

Cá bhfaighim tuilleadh eolais?

Chun tuilleadh eolais a fháil ar chlubanna óige agus ar Chumann na bhFiann cur fios orainn ag an seoladh, uimhir gutháin nó ríomhphoist thíos:

Cumann na bhFiann
4 Ardán Clifton
Baile na Manach,
Co Átha Cliath
Fón/Phone: 01-280 8091
Facs/Fax: 01-280 7665
Rphost: eolas@colaistenabhfiann.ie
Ráth Fearnáin Óg/Rathfarnham Jnr

Ráth Fearnáin Óg/Rathfarnham Jnr

... Tuilleadh Eolais »

Ráth Fearnáin Sean / Rathfarnham Snr

Ráth Fearnáin Sean / Rathfarnham Snr

... Tuilleadh Eolais »

Baile na Manach Óg / Monkstown Jnr

Baile na Manach Óg / Monkstown Jnr

... Tuilleadh Eolais »

Baile na Manach Sean / Monkstown Snr

Baile na Manach Sean / Monkstown Snr

... Tuilleadh Eolais »

Caisléan Cnucha / Castleknock

Caisléan Cnucha / Castleknock

... Tuilleadh Eolais »

1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 | 9 | 10 | 11 | Ar Aghaidh