Tá tu anseo: Baile / Deiseanna Fostaíochta /

Deiseanna Fostaíochta

Priontáil


 

Tuilleadh eolais faoi fostaíocht i gColáiste na bhFiann

Tá dhá phríomhréimse ina bhfuil deiseanna fostaíochta le fáil le Coláiste na bhFiann.

 

1. Obair Shamhraidh

2. Obair Bhliantúil – Páirtaimseartha agus lánaimseartha

Tá deiseanna fostaíochta ar fáil sna príomhréimsí thíos, do dhaoine nach iar-dhaltaí de chuid Choláiste na bhFiann iad.

1. Obair Shamhraidh 2. Obair Bhliaintúil
- Múinteoiri- Feighlíocht
- Bean / Fear a’ Tí- Ofigeach Iar-Aire (post lánaimseartha)

Múinteoirí

Go hiondúil bíonn ceathrar múinteoirí ar gach cúrsa, le cóimheas de 1:25. Caithfear na cáilíochtaí cuí a bheith ag gach múinteoir de réir choinníollacha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Is iardhaltaí go leor dár múinteoirí agus is féidir leo leanúint ar aghaidh agus ról bainistíochta a ghlacadh.

Is féidir le múinteoirí ar spéis leo dul ag obair le Coláiste na bhFiann i rith an tsamhraidh, foirm iarratais a fháil ón ardoifig. Tá an seoladh agus na huimhreacha gutháin le fáil ar an suíomh seo. Caithfidh siad freastal ar chúrsa traenála lae roimh an Samhradh, le taithí a fháil ar mhodhanna múinteoireachta Choláiste na bhFiann. Roghnófar na hiarrthóirí is feiliúnaí le múineadh ar na cúrsaí Samhraidh. Cuirtear lóistín ar fáil ag gach ionad.


Bean/ Fear a’Tí

Tá an post seo feiliúnach dóibh siúd a bhfuil taithí acu a bheith ag obair i gcistin. Tá sé inmhianaithe go mbeadh Gaeilge mhaith acu freisin.
Is féidir le cúntóirí cistine a bhfuil roinnt blianta taithí acu agus atá ar a laghad 18 mbliana d'aois, cur isteach ar an bpost mar Bhean/Fhear a’ tí. Is féidir le haon duine ar spéis leo an post seo foirm iarratais a fháil ón ardoifig. Freastalóidh siad ansin ar chúrsa traenála roimh an Samhradh. Roghnófar na hiarrthóirí is feiliúnaí le dul ag obair ar na cúrsaí le linn an tsamhraidh dár gcionn.

Is iad cúraimí na mná/ an fhir tí ná:

  • Bia a réiteach gach lá de réir an bhiachláir sheachtainúil
  • Bheith cinnte go gcomhlíontar na coinníollacha sláinteachais.
  • Bheith cinnte go bhfuil an cúntóir cistine i mbun a c(h)uid oibre go héifeachtach.
  • Dóthain bia a ordú don choláiste
  • Cuntais a choinneáil ar chaiteachas na cistine.

Feighlíocht

Go minic is iardhalta, cinnire sinsearach agus/nó ardchinnire í/é an feighlí a oibríonn ar bhonn páirtaimseartha le clubanna óige nó le himeachtaí Chumann na bhFiann. Go hiondúil cabhraíonn siad le reáchtáil an chlub sheachtainúil ina gceantar féin agus b’fhéidir go mbeadh baint acu freisin le pleanáil agus le reáchtáil imeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta (m.s coirmeacha ceoil, laethanta spóirt, srl.)

Is é an‘Feighlí Ceannais’ an té atá i gceannas ar an gclub. Gheobhaidh na cinnirí sinsearacha, ardchinnirí, múinteoirí uile, atá ar a laghad 18 mbliana d’aois, foirm iarratais don fheighlíocht. Is féidir le haon duine eile a bhfuil spéis acu bheith ag obair mar fheighlí foirm iarratais a fháil ón ardoifig. Ansin freastalóidh siad ar chúrsa traenála ag deireadh an tsamhraidh agus roghnófar na hiarrthóirí is feiliúnaí le dul ag obair do Chumann na bhFiann i rith na bliana.

Oifigeach Iar-Aire

Go minic bíonn poist lánaimseartha ar fáil le clubanna óige agus le himeachtaí a bhaineann le Cumann na bhFiann. Caithfidh an té atá ag obair mar Oifigeach Iar-Aire a bheith lonnaithe i gceantar áirithe ó mhí Meán Fómhair go dtí mí Aibreáin. Le linn an ama seo, tá sé de dhualgas ar an Oifigeach Iar-Aire na clubanna áitiúla a neartú agus a fhorbairt, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta a eagrú.
Is post fíordhúshlánach é seo, a mhúineann go leor scileanna do dhaltaí a bhaineann le heagrúchán agus le hobair foirne. Baineann na scileanna seo leis an gcóras atá in úsáid ag an gColáiste le 40 bliain anuas.


Is féidir le haon duine ar spéis leo post a fháil le Coláiste na bhFiann CV a sheoladh chuig an ardoifig.