Ceisteanna Coitianta
Cén fáth ar Coláiste ar leith é Coláiste na bhFiann?
Cuireann Coláiste na bhFiann seirbhís ar fáil an bhliain ar fad ionas gur féidir le do mhac/iníon úsáid a bhaint as an nGaeilge a d'fhoghlaim siad fad is a bhí cairde á ngnóthú acu ar chúrsaí samhraidh. Tugtar Cumann na bhFiann ar an tseirbhís seo.
Cén cúrsa is fearr a d'fheilfeadh do mo leanbh?
Feileann cúrsaí Choláiste na bhFiann do dhaoine a bhfuil aon leibhéal cumais Gaeilge acu - idir ghlantosaitheoirí is chainteoirí líofa - agus is cúrsaí iad a ceapadh chun feabhas a chur ar a líofacht ar bhealach struchtúrtha ach fós féin in atmaisféar cairdiúil agus iad ar a suaimhneas.
Is do dhaltaí níos sine go príomha é cúrsa A, ar daltaí iad a d'fhreastail ar chúrsa ag leibhéal B. An phríomhaidhm againn ná an t-eispéireas is fearr agus is féidir a sholáthar do gach dalta i rith a dtréimhse linn. Dá bhrí sin molaimid go láidir go bhfreastalódh na daltaí atá le Coláiste na bhFiann den chéad uair ar chúrsa B.
Cuireann Coláiste na bhFiann trí chineál cúrsaí samhraidh ar fáil in ocht n-ionad chun freastal ar aoiseanna agus ar leibhéil chumais éagsúla Ghaeilge. Déantar iadsan a mhiondealú mar seo a leanas:
Cúrsa A | Cúrsa cónaithe 3 seachtaine dóibh siúd le leibhéal maith Gaeilge ar mhian leo a scileanna teanga a fheabhsú. Go ginearálta beidh daltaí a fhreastalaíonn ar Chúrsa A tar éis freastal cheana féin ar Chúrsa B uair amháin ar a laghad nó b'fhéidir gur fhreastail siad ar Ghaelscoil. |
Cúrsa B | Cúrsa cónaithe trí seachtaine atá dírithe ar dhaoine nach bhfuil chomh líofa sa Ghaeilge leo siúd a fhreastalaíonn ar Chúrsa A. Moltar an cúrsa seo dóibh siúd atá ag freastal ar Choláiste na bhFiann den chéad uair. |
Cúrsa C | Cúrsa coicíse lae atá ina ullmhúchán do Chúrsa B do dhaltaí i rang a 5, a 6 agus sa chéad bhliain. |
Cad atá i gceist san agallamh?
Sula bhfreastalaíonn dalta ar chúrsa de chuid Choláiste na bhFiann ní mór dó nó di freastal ar agallamh neamhfhoirmiúil grúpa in éineacht le tuismitheoir amháin ar a laghad. Is gá freastal ar feadh thréimhse iomlán an agallaimh (2 uair an chloig). Ní féidir le dalta freastal ar chúrsa go dtí go bhfuil sé/sí tar éis freastal ar agallamh in éineacht le tuismitheoir amháin ar a laghad don chúrsa iomchuí. Tá tairiscint áite ar chúrsa ag brath ar go n-éiríonn leis an dalta san agallamh cuí don chúrsa a bhfuil sé/sí ag cur isteach air. Cuirfear aisíocaíocht iomlán ar fáil i gcás nach n-éiríonn le dalta san agallamh. Ar cheann de na réamhriachtanais chun freastal ar chúrsa A de chuid Choláiste na bhFiann ní mór don dalta Amhrán na bhFiann (an chéad véarsa agus an curfá) & Amhrán an Choláiste a fhoghlaim agus níl gá ach Amhrán na bhFiann (an chéad véarsa agus an curfá) a fhoghlaim le haghaidh cúrsa B.
Déanfar aon fhiosrúchán a bheadh ag tuismitheoirí, maille le cúrsaí pearsanta, réim bia agus cúrsaí leighis an dalta a phlé.
Cad a tharlaíonn má theipeann air/uirthi?
Tugtar an deis do gach leanbh Amhrán na bhFiann agus Amhrán an Choláiste a rá arís. Téigh i dteagmháil leis an oifig chun socruithe a dhéanamh le go gcuirfí agallamh eile orthu.
Más rud é gur fhreastail mo mhac/iníon ar agallamh cheana an gá go bhfreastalódh sé/sí ar cheann eile?
Más rud é gur fhreastail do mhac/d'iníon ar chúrsa ag an leibhéal céanna an bhliain roimh ré níl aon ghá dóibh agallamh eile a dhéanamh. Más rud é go bhfuil an dalta ag freastal ar chúrsa ag leibhéal A den chéad uair tar éis dóibh cúrsa ag leibhéal B a dhéanamh beidh air/uirthi agallamh eile a dhéanamh.
Cén fáth a scartar cairde/baill den teaghlach ar chúrsa?
Scartar cairde nó baill den teaghlach agus iad ar chúrsaí ar na cúiseanna seo a leanas;
- Tá taithí acu a bheith ag labhairt lena chéile as Béarla agus má scartar iad is lú seans go labhróidh siad Béarla lena chéile.
- I gcás cairde/baill den teaghlach a bheith ag freastal ar chúrsa lena chéile, is deacair nósanna saoil a athrú thar oíche ó thaobh cúrsaí teanga de.
- Is féidir leis a bheith díomách do dhaltaí atá ag freastal ar chúrsa ina n-aonar grúpaí daltaí ón scoil nó an gceantar céanna a fheiceáil ag grúpáil lena chéile.
- Cruthaímid timpeallacht inar féidir le gach dalta aithne a chur ar a chéile laistigh den chéad 2-3 lá, agus mar sin níl baol ann go dtarlódh cliques.
Cad is cóir do dhaltaí a thabhairt leo?
- 1. Cóta báistí maith.
- 2. Culaith éadaí maith amháin agus dóthain éadaí do thréimhse iomlán an chúrsa.
- 3. Aon uirlis cheoil a sheinneann an dalta.
- 4. Aon chulaithe spóirt/aon trealamh spóirt a úsáideann an dalta - go háirithe hata snámha agus bróga reatha.
- 5. Roinnt clúdach litreach le stampaí orthu agus an seoladh baile scríofa orthu.
- 6. Braillín duvet nó mála codlata agus piliúr.
- 7. Dóthain tuáillí agus earraí maisíochta.
- 8. Mála neachtlainne eangaigh. (Cuirtear seirbhís neachtlainne ar fáil ar an dara Máirt den chúrsa).
Cad nach bhfuil cead ag na daltaí a thabhairt leo ar an gcúrsa?
- 1. Leabhair/foclóirí Béarla
- 2. Walkman/ipod/seinnteoir mp3
- 3. Guthán póca
- 4. Díritheoir gruaige.
- 5. Aerasól.
Cathain is féidir liom cuairt a thabhairt ar mo leanbh?
Is féidir cuairt a thabhairt orthu ar an Domhnach idir 2.30pm agus 4pm. Má tá gaol nó cara ag tabhairt cuairte ar do mhac/d'iníon caithfidh siad cead i scríbhinn a bheith acu ó na tuismitheoirí.
Cad is cóir dom a dhéanamh má tá cúis imní agam ag aon staid le linn an chúrsa?
Téigh i dteagmháil leis an mBainisteoir láithreach.
Má tá fadhb agam fad is atá mo leanbh ag freastal ar chúrsa cé leis/léi a dtéim i dteagmháil?
Is cóir dul i dteagmháil le Bainisteoir an chúrsa. Tá sonraí teagmhála an choláiste le fáil sa bhileog eolais a seoladh chuig do bhaile tar éis duit iarmhéid na dtáillí a íoc.
Cathain is féidir le mo leanbh scríobh abhaile?
Seolann gach dalta litir abhaile ar an gcéad Mháirt den chúrsa. Mura bhfuil litir faighte agat faoin Déardaoin téigh i dteagmháil leis an gcúrsa, le do thoil.
Cén clúdach árachais atá ann maidir le míreanna pearsanta?
- Cé go bhfuil árachas dliteanais Phoiblí iomlán agus árachas timpiste pearsanta ag Coláiste na bhFiann bheadh costas coisctheach ar árachas a sholáthar do mhaoin phearsanta na ndaltaí e.g. uirlisí ceoil, trealamh spóirt, seoda agus éadaí dearthóra.
- Beidh gach dalta freagrach as a maoin phearsanta féin agus molaimid dóibh gan iad a thabhairt ar iasacht do dhaltaí eile.
- Ní féidir linn glacadh le freagracht as maoin chaillte, faraor.
Cad atá clúdaithe i dtáillí an chúrsa?
Clúdaíonn táille an chúrsa lóistín, béiltí, teagasc, agus gach imeacht ar an gcúrsa. Chomh maith leis sin, clúdaíonn sé ticéad chuig Tóstal na bhFiann a tharlaíonn ag deireadh an tsamhraidh. Féadfaidh gach dalta atá ag freastal ar Choláiste na bhFiann freastal ar Chumann na bhFiann ar chostas ainmniúil.
Cathain is cóir dom iarmhéid na dtáillí a íoc?
I gcás dalta nua ní mór iarmhéid na dtáillí a íoc ar oíche an agallaimh ar an gcoinníoll go bhfuair an dalta áit (ón liosta feithimh más infheidhme), ach i gcás dalta atá ag teacht ar ais athuair nach gá dó nó di agallamh a dhéanamh seolfar fógra chucu maidir le hiarmhéid na dtáillí le linn na chéad seachtaine de mhí an Mhárta. Nuair atá liosta feithimh ag cúrsa ní mór iarmhéid na dtáillí a íoc roimh an dáta deiridh (Márta) nó d'fhéadfaí an áit ar an gcúrsa a thairiscint do dhuine eile ar an liosta feithimh.
Cathain is cóir dom cur isteach ar chúrsa?
Oibríonn Coláiste na bhFiann ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce istigh. Molaimid go láidir, bunaithe ar ár dtaithí go dtí seo, gur chóir do gach tuismitheoir áit a chur in áirithe dá mac/n-iníon a luaithe is féidir is cuma cibé rud atá ar siúl ag a gcairde.

