Traenáil Cheannasaíochta
Struchtúr Foirne Choláiste na bhFiann
Tá scéim thraenála cheannasaíochta iomráiteach Choláiste na bhFiann i bhfeidhm anois le h-ós cionn 35 bliain agus de bharr cháil na scéime seo, tá sí in úsáid in eagraíochtaí óige eile.
Tá sí bunaithe ar chóras simplí ina múintear do dhaltaí cén chaoi freagracht a thógáil orthu féin agus leanúint ar aghaidh ag obair le Coláiste na bhFiann sa todhchaí. Cabhraíonn sé seo leis an dalta go leor scileanna nua a fhoghlaim agus cuireann sé lena fhéin-mhuinín.
Féach thíos an struchtúr eagrúcháin ina sonraítear na leibhéil éagsúla ceannasaíochta.
| Cathaoirleach Feidhmitheach | |
| An Bord Stiúrtha | |
| Bainisteoir Sheirbhísí Iar Aire/Rúnaí Comhluchta | |
| Oifigeach Riaracháin | Oifigeach na gCuntas |
| Oifigí Iar Aire | |
| Feighlithe (Páirtaimseartha) | |
| Bainisteoirí | |
| Múinteoirí | |
| Ardchinnirí | Bean / Fear a’ Tí |
| Cinnirí Sinsearach | Cúntóirí Cistine |
| Cinnirí Ginearálta | |
| Leas-Chinnirí | |
Leas-Chinnirí
Is é seo an chéad chúram sa chóras ceannasaíochta. Tugtar an cheannasaíocht seo do dhaltaí a chuir go mór leis an gcúrsa sa mhéid is go raibh siad cabhrach, cairdiúil le daltaí eile, go ndearna siad tréan iarracht leis an teanga, srl. Roghnófar roinnt leas-chinnirí do gach cúrsa ag cruinnithe leis na cinnirí sinsearacha, ard-chinnirí, múinteoirí agus leis an mbainisteoir.
Cinnirí Ginearálta
Is é seo an chéad chúram eile i dtraenáil cheannasaíochta Choláiste na bhFiann. Tugtar an cheannasaíocht seo dóibh siúd a chruthaigh thar cionn mar leas-chinnire. Is é seo an leibhéal is airde gur féidir leis an dalta a bhaint amach agus iad ag freastal ar chúrsa.
Cinnirí Sinsearach
D’fhéadfaí ‘Printíseach i gcúram leanaí le Coláiste na bhFiann’ a thabhairt ar an bpost seo. Is féidir le daltaí ar spéis leo bheith ina gcinnirí sinsearacha foirm iarratais a fháil ón mbainisteoir ar an gcúrsa, don Samhradh dar gcionn. Freastalóidh siad ansin ar chúrsa a mhaireann ceithre lá i rith na bliana agus gheobhaidh siad traenáil bhreise gach seachtain ag an gCumann áitiúil. Roghnófar na hiarrthóirí is fearr le dul ag obair ar na cúrsaí an Samhradh dar gcionn.
Is féidir leis na scileanna a fhoghlaimíonn an déagóir ag an tráth seo a bheith fíorluachmhar dóibh. Cuireann siad le féinmhuinín, scileanna eagrúcháin, freagracht, meas ar obair foirne agus, ar ndóigh, tagann feabhas thar cuimse ar úsáid na teanga.
ICreideann muid i gColáiste na bhFiann, nach bhfuil áit níos fearr ar fáil do dhéagóirí inár féidir leo páirt a ghlacadh i gcóras dá leithéid agus buntáiste a bhaint as an traenáil a chuirtear ar fáil dóibh.
Is cuid den phróiseas é seo thuas i dtreo poist éagsúla a fháil le Coláiste na bhFiann, mar atá sonraithe thíos.
Cúntóirí Cistine
Is iar-dhaltaí formhór d’fhoireann Choláiste na bhFiann, ní haon eisceacht í/é an cúntóir cistine. Bíonn beirt chúntóirí cistine ag obair leis an mbean/bhfear tí ar na cúrsaí cónaithe. Cabhraíonn siad leo na béilte a réiteach gach lá. Is féidir le daltaí gur spéis post mar chúntóir cistine foirm iarratais a fháil ón mbainisteoir ar an gcúrsa. Freastalóidh siad ansin ar chúrsa traenála ar feadh 4 lá i rith na bliana. Tabharfaidh an cúrsa seo taithí phraicticiúil dóibh ar an obair i gcistin mhór. Roghnófar na hiarrthóirí is feiliúna le dul ag obair ar na cúrsaí le linn an tsamhraidh dar gcionn.
Is féidir leo leas a bhaint as an taithí seo agus cur isteach ar an bpost mar bhean/fhear a’tí amach anseo.
Bean / Fear a’ Ti
Tá an post seo feiliúnach dóibh siúd a bhfuil taithí acu a bheith ag obair i gcistin. Tá sé inmhianaithe go mbeadh Gaeilge mhaith acu freisin. Is féidir le cúntóirí cistine a bhfuil roinnt blianta taithí acu agus atá ar a laghad 18 bliain d'aois, cur isteach ar an bpost mar Bhean/Fhear a’ tí. Is féidir le haon duine gur spéis leo an post seo foirm iarratais a fháil ón Ard Oifig. Freastalóidh siad ansin ar chúrsa traenála roimh an Samhradh. Roghnófar na hiarrthóirí is feiliúna le dul ag obair ar na cúrsaí le linn an tsamhraidh dar gcionn.
Is iad cúraimí na mná/ an fhir tí ná:
- Bia a réiteach gach lá de réir an bhia-chláir sheachtainúil
- Bheith cinnte go gcomhlíontar na coinníollacha sláinteachais
- Bheith cinnte go bhfuil an cúntóir cistine i mbun a c(h)uid oibre go héifeachtach.
- Dóthain bia a ordú don choláiste
- Cuntais a choinneáil ar chaiteachas na cistine.
Ard Chinnirí
Caithfidh an t-ardchinnire na himeachtaí laethúla a reáchtáil. Bheadh roinnt blianta taithí ag an ardchinnire mar chinnire sinsearach. Cabhraíonn na hardchinnirí le traenáil na gcinnirí sinsearacha.
Dá mba mhian le cinnire sinsearach bheith ina ardchinnire is féidir léi/leis foirm iarratais a fháil ón mbainisteoir ar an gcúrsa. Freastalóidh sí/sé ansin ar chúrsa traenála i rith na bliana agus gheobaidh sí/sé tuilleadh traenála gach seachtain ag an gcumann aitiúil. Roghnófar na hiarrthóirí is feiliúna le dul ag obair ar na cúrsaí le linn an tsamhraidh dar gcionn.
Go hiondúil bíonn an t-ardchinnire idir 18 agus 22 bliain d’aois. Cinnire sinsearach a bhí iontu faoi dhó, bheadh an ardteistiméireacht déanta acu nó bheadh siad ag freastal ar chúrsa 3ú leibhéal. Is taithí oibre fíor-luachmhar obair an ardchinnire..
Múinteoirí
Go hiondúil bíonn ceathrar múinteoirí ar gach cúrsa, le cóimheas de 1:25. Caithfear na cáilíochtaí cuí a bheith ag gach múinteoir de réir coinníollacha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Is iar-dhaltaí go leor dar gcuid múinteoirí agus tá an deis ann dóibh leanúint ar aghaidh agus ról bainistíochta a ghlacadh. Is féidir le múinteoirí a bhfuil spéis acu dul ag obair le Coláiste na bhFiann i rith an tsamhraidh, foirm iarratais a fháil ón ardoifig. Tá an seoladh agus na huimhreacha gutháin le fáil ar an suíomh seo.
Caithfidh siad freastal ar chúrsa traenála lae roimh an Samhradh, le taithí a fháil ar mhodhanna múinteoireachta Choláiste na bhFiann. Roghnófar na hiarrthóirí is feiliúna le múineadh ar na cúrsaí Samhraidh. Cuirtear lóistín ar fáil ag gach ionad.
Bainisteoirí
Tá na bainisteoirí i gceannas ar na cúrsaí cónaithe 3 seachtaine. Bheadh taithí acu mar iar-dhalta, mar chinnire sinsearach agus mar ardchinnire. Chomh maith leis an taithí seo ar fad, bheadh traenáil faighte acu ó bhainisteoir le sean-taithí ar feadh 3 seachtaine.
Is é an post atá ag an mbainisteoir ná:
- esábháilteacht na ndaltaí agus na foirne a chinntiú
- an curraclam a chur i bhfeidhm mar is ceart
- a bheith cinnte go bhfuil an fhoireann ag obair go héifeachtach
- cuntais an chúrsa a láimhseáil
- clár ama a réiteach do na himeachtaí ar an gcúrsa
- ceist ar bith atá ag na tuismitheoirí a phlé leo
Feighlíocht
Go minic is iar-dhaltaí, cinnirí sinsearacha agus ardchinnirí iad na feighlithe a oibríonn ar bhonn páirtaimseartha le clubanna óige agus le himeachtaí Choláiste na bhFiann. Bheadh baint acu le reáchtáil an chlub seachtainúil ina gceantar féin agus d’fhéadfadh sé go mbeadh baint acu le pleanáil agus le reáchtáil imeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta (m.s. coirmeacha ceoil, laethanta spóirt, srl.) ‘ Feighlí Ceannais’ teideal an té atá i bhfeighil ar an gclub.
heobhaidh na cinnirí sinsearacha, ardchinnirí, múinteoirí agus bainisteoirí uilig atá ar a laghad 18 bliain d’aois, foirm iarratais don bhfeighlíocht. Dá mba mhian le haon duine eile feighlíocht a dhéanamh is féidir leo dul i dteagmháil leis an ardoifig. Caithfidh siad freastal ar chúrsa traenála ag deireadh an tSamhraidh agus roghnófar na hiarrthóirí is feiliúna le dul ag obair le Cumann na bhFiann i rith na bliana.
Oifigeach Iar Aire
Go minic bíonn poist lánaimseartha ar fáil le clubanna óige agus le himeachtaí a bhaineann le Cumann na bhFiann. Caithfidh an té atá ag obair mar Oifigeach Iar-Aire a bheith lonnaithe i gceantar áirithe ó mhí Meán Fómhair go dtí mí Aibreáin. Le linn an ama seo, tá sé de dhualgas ar an Oifigeach Iar-Aire na clubanna áitiúla a neartú agus a fhorbairt, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta a eagrú. Is post fíor-dhúshlánach é seo, a mhúineann go leor scileanna do dhaltaí a bhaineann le heagrúchán agus le hobair foirne. Baineann na scileanna seo leis an gcóras atá in úsáid ag an gColáiste le 40 bliain anuas. Is féidir le haon duine ar spéis leo post a fháil le Coláiste na bhFiann cv a sheoladh chuig an ardoifig

