Tá struchtúr cinnireachta forbartha ag Coláiste na bhFiann atá ina chroílár ag na gníomhaíochtaí uile atá á reáchtáil ag an eagraíocht. Is í aidhm an Acadaimh Chinnireachta daoine óga a mhealladh le bheith rannpháirteach agus iad a spreagadh d’fhonn cur lena gcumas bheith ina gcinnirí óga rathúla, muiníneacha. Déantar tábhacht na freagrachta a theagasc do dhaoine óga. Bíonn sé sin ina ghné ríthábhachtach i bhforbairt phearsanta gach duine óig agus cuireann sé a thuilleadh lena phróifíl scileanna
Cuireann an tAcadamh Cinnireachta roinnt cúrsaí ar fáil atá dírithe ar na príomh-scileanna cinnireachta agus saoil seo a leanas:
Post cinnireachta sinsearach atá i bpost an Ardchinnire. Oibríonn sé/sí ar ár gcúrsaí agus inár líonra de chlubanna óige. Bíonn an tArdchinnire 18 mbliana d’aois nó níos sine agus bíonn taithí blianta aige leis an eagraíocht. Le bheith i d’Ardchinnire is réamhriachtanas é freastal ar chúrsaí a chuirtear ar fáil ag an Acadamh Cinnireachta.
Post cinnireachta sóisearach atá i bpost an Chinnire agus an Chúntóir Cistine. Oibríonn sé/sí ar ár gcúrsaí agus inár líonra de chlubanna óige. Is féidir le mic léinn a bhfuil spéis acu bheith ina gCinnire nó ina gCúntóir Cistine foirm iarratais a fháil don samhradh dár gcionn ón ‘mBainisteoir’ ar an gcúrsa. Le bheith i do Chinnire nó i do Chúntóir Cistine is réamhriachtanas é freastal ar chúrsa oiliúna le linn na bliana agus oiliúint sheachtainiúil a fháil sa chlub áitiúil de do chuid.
Is féidir le na scileanna a fhoghlaimítear ag an gcéim seo a bheith fíorluachmhar don duine óg. Trí ról an Chinnire nó an Chúntóra Cistine spreagtar muinín, scileanna eagrúcháin, freagracht, obair bhuíne agus, ar ndóigh, tagann feabhas suntasach ar an gcumas teanga.
Tugtar tús eolais ar an struchtúr cinnireachta do mhic léinn ar an gcúrsa. Déanann an Bainisteoir é sin trí fhreagrachtaí áirithe a thabhairt dóibh atá le cur i bhfeidhm ar bhonn laethúil chun cur le reáchtáil an chúrsa. Is deis é sin aitheantas a thabhairt do mhic léinn as iarrachtaí a dhéantar. Tugtar eolas do na mic léinn uile leis seo ar an smaoineamh d’oibriú mar chuid de bhuíon agus ar an tábhacht a bhaineann leis sin maidir le reáchtáil éifeachtach na gcúrsaí.