Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil Campaí Spraoi á reáchtáil i nDroimRí – Campaí gníomhaíochtaí coicíse Gaeilge do dhaoine óga. San áireamh ar an gcampa lae beidh ceol, spórt, ealaín, damhsa, dráma, boghdóireacht, sórbáil, cairtíneacht, sraitheanna agus comórtais, ceardlanna, beárbaiciúnna agus go leor eile, ar fad as Gaeilge! Cuirfear an-bhéim ar labhairt na Gaeilge sa champa agus beidh deiseanna foghlamtha ó thús deireadh an lae.