Tá na cúrsaí a sholáthraíonn Coláiste na bhFiann oiriúnach do chainteoirí Gaeilge ar gach leibhéal. Déantar iad a chatagóiriú le Cúrsa A agus Cúrsa B. Tá sé tábhachtach an cúrsa is oiriúnaí don duine óg a roghnú. Deartar na cúrsaí sin chun cumas an duine óig i leith na teanga a fheabhsú i dtimpeallacht atá struchtúraithe ach cairdiúil. Déanann an eagraíocht sraith cúrsaí a reáchtáil i roinnt ionad éagsúil thar mhíonna an Mheithimh, Iúil & Lúnasa. Áirítear leo siúd cúrsaí lae agus conaithe araon.
Trí mheán an cheoil, an spóirt, na drámaíochta, na healaíne agus an damhsa srl soláthraítear an deis do mhic léinn ar chúrsaí Choláiste na bhFiann a gcuid ábhar spéise sainiúil féin a leanúint tri mheán na Gaeilge. Ar a sheal féin, athraíonn sé sin íomhá iomlán na teanga, agus í á tógáil amach as an seomra ranga agus í a dhéanamh ina teanga bheo. Soláthraímid 2 leibhéal de chúrsa, Cúrsa A agus Cúrsa B, atá oiriúnach d’aoisghrúpaí éagsúla agus do chumais teanga éagsúla. Déan machnamh ar an dá leibhéal cúrsa roimh chinneadh a dhéanamh faoin gceann is fearr do do mhac/iníon.