Reáchtáiltear cúrsaí trí seachtaine i nDroim Rí Ionad Óige na hÉireann. Tá na cúrsaí seo oiriúnach do dhaltaí ón gcéad go dtí an cúigiú bliain.
Is é Droim Rí Óg an cúrsa coicíse a reáchtáiltear in Ionad Óige na hÉireann atá dírithe i leith na ndaltaí atá sa rang 4, 5 agus 6.
Tá an cúrsa coicíse seo i nDroim Rí do dhaltaí meánscoile amháin. Tugann sé seo deis dóibh freastal ar an nGaeltacht ach ar feadh tréimhse níos giorra ná an cúrsa trí seachtaine.