Is cúrsa cónaithe 3 sheachtaine é Cúrsa A dóibh siúd ag a bhfuil leibhéal maith Gaeilge agus ar mian leo a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú. Moltar do dhaltaí ar mhaith leo freastal ar Chúrsa A Cúrsa B amháin ar a laghad a bheith déanta acu cheana féin.
Cúrsa Riail A
Díbreofar ón gcúrsa aon dalta a labhrann abairt iomlán i mBéarla ar aon chúis. Ní dhéanfar aon aisíoc sa chás seo.
Cuirtear an riail seo i bhfeidhm ón am a thagann an dalta ar an gcúrsa.
Ros Muc
Tá an Ghaeltacht seo suite i gConamara, 35 míle ó Ghaillimh. Fanann daltaí i dtithe teaghlaigh i dtimpeallacht álainn. Reáchtáil Coláiste na bhFiann an chéad chúrsa Coláiste na bhFiann i Ros Muc i 196...