Is cúrsa cónaithe 2 sheachtaine agus 3 sheachtaine é Cúrsa B atá dírithe orthu siúd ag a bhfuil líofacht níos lú sa Ghaeilge ná iad siúd a fhreastalaíonn ar Chúrsa A. Moltar an cúrsa seo dóibh siúd atá ag freastal ar Choláiste na bhFiann don chéaduair. Cé go labhraítear an Ghaeilge ar feadh an ama ar an gcúrsa níl an riail chomh dian agus atá an riail ar Chúrsa A.
Má labhrann dalta Béarla de thimpiste tabharfar rabhadh dó/di. Cuirfear seo in iúl dá thuismitheoirí/tuismitheoirí. Má labhrann an dalta Béarla arís ní bheidh de rogha againn ach é/í a chur abhaile. Ní cheadófar labhairt i mBéarla d'aon ghnó ar chor ar bith áfach agus má bheirtear ar dhalta ag labhairt i mBéarla d'aon ghnó beidh air/uirthi dul abhaile gan rabhadh agus ní aisíocfar aon airgead.
Cuirtear an riail seo i bhfeidhm ón am a thagann an dalta ar an gcúrsa.