Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó ar fud na tíre. Eagraíonn sé clubanna óige Gaeilge seachtainiúla chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugtar deis leis seo do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ar leibhéal sóisialta. Soláthraíonn Cumann na bhFiann deiseanna do dhaoine óga teacht le chéile trí mheán na Gaeilge agus líonraí cairde labhartha na Gaeilge a chruthú ar fud na tíre
Go minic, is iar-mhic léinn a bhíonn sna feighlithe, Cinnirí agus Ardchinnirí a oibríonn ar bhonn páirtaimseartha leis na clubanna óige agus imeachtaí do Chumann na bhFiann. De ghnáth bíonn siad ag obair le reáchtáil an chlub sheachtainiúil ina gceantar féin ach feadtar go mbíonn siad rannpháirteach freisin i bpleanáil agus i reáchtáil imeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta, agus i bhfoireann a sholáthar dár dturais scoile.
Is é Feighlí Ceannais an teideal ar an duine a bhíonn i gceannas an chlub. Tá na Cinnirí, Ardchinnirí, Múinteoirí agus Bainisteoirí atá 18 mbliana d’aois ar a laghad i dteideal iarratas a chur isteach ar Fheighlíocht. Má bhíonn spéis ag aon duine eile bheith ina Fheighlí, is féidir leis sin a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh leis an gCeannoifig. Freastalaíonn gach Feighlí ar chúrsa oiliúna roimh oscailt na gclubanna agus déantar na hiarratasóirí is oiriúnaí a roghnú chun na clubanna a reáchtáil i rith na bliana. Tuairiscíonn na Feighlithe uile don Cheannoifig ar bhonn seachtainiúil agus tá struchtúr tacaíochta i bhfeidhm dóibh má theastaíonn sé uathu ag am ar bith.