Covid-19 & Cúrsaí Samhraidh 2020 Ar Ceal

Covid-19 & Cúrsaí Samhraidh 2020 Ar Ceal

Is le croí trom gur gá duinn a chur in iúl daoibh go mbeidh na cúrsaí ar fad ag Coláiste na bhFiann curtha ar ceal do shamhraidh 2020. Cé go raibheamar ag súil go mór nach dtiocfadh an lá seo, bhíomar ag fanacht ar chinneadh ón Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta. Tá an cinneadh sin déanta anois ar son leas an phobail ag deileáil le Covid19, agus an cinneadh cóir atá ann. Tá súil againn go mbeidh gach rud ina cheart do 2021 agus go mbeidh tú ar ais linn ar na cúrsaí samhraidh. Táimid fíor bhuíoch do gach duine a bhí foighneach linn agus muid ag fanacht ar an gcinneadh seo, agus iarrfaimid oraibh a bheith foighneach linn chomh fada is atáimid ag déanamh na háisíocanna. Beidh tuilleadh eolais ag dul chugat sa Samhraidh maidir le Chumann na bhFiann san Fhómhair agus Foirmeacha Iarratais do Chúrsaí Samhraidh 2021.

Ma tá aon cheist agat, ná bíodh drogall ort ag déanamh teagmháil linn ag eolas [at] cnb.ie

Caitríona Ní Cheallaigh, Príomh Fheidhmeannach 20 Aibreáin 2020

All content © Coláiste na bhFiann 2016, Company #54908, Made by Openpoint Gach uile inneachar © Coláiste na bhFiann 2016, Cuideachta #54908, Déanta ag Openpoint